An tAire Donohoe le bualadh le Seansailéir an Státchiste sa Ríocht Aontaithe i rith cuairt oibre ar Londain

Tá an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, i Londain inniu (Dé Luain) ar chuairt oibre a mbeidh cruinniú le Seansailéir an Státchiste sa Ríocht Aontaithe, Philip Hammond MP, mar chuid di.

Is cuid den idirphlé rialta idir an tAire agus a chomhghleacaí Briotanach é an cruinniú agus tapófar an deis ann forbairtí reatha sa gheilleagar idirnáisiúnta a athbhreithniú, chomh maith le cúrsaí a bhaineann leis an mBreatimeacht a phlé.

I rith na cuairte, buailfidh an tAire leis an Aire le haghaidh na Comh-Aireachta, David Lidington CBE MP. Ina theannta sin, tabharfaidh sé cuairt chúirtéise ar an Scáth-Sheansailéir, John McDonnell MP. Cuirfear clabhsúr leis an gcuairt le roinnt cruinnithe i gCeanncheathrú Eorpach Bloomberg i gCathair Londan.

Ag labhairt dó faoin gcruinniú, dúirt an tAire Donohoe:

“Táim ag súil le bualadh arís le mo chomhghleacaí Philip Hammond mar chuid dár n-idirphlé leanúnach. Tá mo chuairt ar bun ag am tráthúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí le deireanaí a bhaineann leis an mBreatimeacht, lena n-áirítear an dréacht-Chomhaontú Aistarraingthe idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach, chomh maith le hóráid an Phríomh-Aire May an tseachtain seo caite.

“Bhí Éire i gcónaí soiléir go bhfuil an gaol is gaire is féidir idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe uainn. Chuige sin, leanfaimid orainn ag oibriú go dlúth lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach agus leis an Ríocht Aontaithe chun a chinntiú go bhfuil toradh maith ar idirbheartaíocht an Bhreatimeachta a chruthóidh an tionchar is lú is féidir ar chúrsaí trádála agus geilleagair anseo in Éirinn.”

CRÍOCH

 

Teagmháil:

Deborah Sweeney, Preas-Chomhairleoir don Aire Donohoe – +353 86 858 6878

Aidan Murphy, Preas-Oifigeach, an Roinn Airgeadais – +353 85 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie