LEAGAN DEIRIDH: críoch Mhárta 2001

An Roinn Airgeadais

Ráiteas Straitéise, 2001-2003

Márta, 2001

CLÁR

Teachtaireacht ón Aire

 Réamhfhocal leis an Ard-Rúnaí

             I Misean

             II Timpeallacht Oibre na Roinne

             III Tosaíochtaí Straitéiseacha

                    -  beartas eacnamaíoch agus fioscach

                    -  bainistíocht éifeachtach an chaiteachais phoiblí

                     - forbairt ar bheartas i leith an AE, seirbhísí airgeadais agus

                      comhoibriú eacnamaíoch idirnáisiúnta ar leathanbhonn

                      -  beartas ioncaim 

                      -  feabhas ar bhainistíocht na seirbhíse poiblí

             IV Cur le forbairt ár gcaidrimh oibre le Ranna eile

             V Tacú le Tosaíochtaí Straitéiseacha na Roinne

 Aguisíní   Caighdeáin Seirbhíse don Chustaiméir Coimriú ar ghnéithe a bhaineann le Comhionannas

 Leagan amach eagraíochta na Roinne

 Teachtaireacht ón Aire

 Tá ag éirí go maith leis an eacnamaíocht, agus is cúis mhórshásaimh dúinn an dul ar aghaidh atá déanta againn le blianta beaga.  Is féidir linn gluaiseacht ar aghaidh go muiníneach chun déileáil leis na dúshláin a eascraíonn as an dul chun cinn sin.  Is suntasach an méadú nithiúil ar an bpá sa phóca, tá líon na ndaoine atá fostaithe ag méadú go leanúnach go leibhéil nár sáraíodh cheana, tá méadú substaintiúil san infheistíocht phoiblí agus sa bhonneagar, agus tá bláth agus fás nach bhfacthas riamh roimhe seo ar an gcuid is mó d’earnálacha na heacnamaíochta.  Ar aon chéim leis an bhfás gan sárú seo agus leis an dul chun cinn sóisialta a ghabhann leis, tá laghdú leanúnach sa bhfiachas náisiúnta, laghdú éachtach ar líon na ndaoine atá as obair, agus barrachas folláin buiséid a thugann deis chun cistí a chur ar leataobh le haghaidh costas pinsean amach anseo. 

Is ábhar fíorchaoin fáilteach an rathúnas a tháinig leis na blianta deireanacha seo.  Is toradh é ar phleanáil fhónta eacnamaíoch, ar bhéascna fiontraíochta, ar chomhpháirtíocht shóisialta, agus ar thimpeallacht fhábharach idirnáisiúnta.  Má táimid chun tógáil ar an dul chun cinn seo, agus beartais a fhorbairt chun leanúint ar aghaidh le feabhsuithe suntasacha a sholáthar inár gcaighdeáin mhaireachtála, ní foláir dúinn straitéis shóisialta agus eacnamaíoch a shaothrú, straitéis dea-bhunaithe fhadcheannach, a thugann aird mar is cóir ar na cúinsí iomadúla sin a mhúnlaíonn agus a shainíonn an timpeallacht athraitheach ina mairimid. 

Bhain an straitéis a bhí ag an Roinn go dtí seo leis an tréimhse 1998-2000.  Ba thréimhse fáis eacnamaígh gan sárú í an tréimhse chéanna.  Más mian linn dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin a dhúisíonn a leithéid de dhul chun cinn—ar nós ganntanas tithíochta, bacainní sa bhonneagar, éileamh iomarcacha pá, easnamh scileanna i gcoitinne—ní mór dúinn comhtuiscint níos iomláine a chothú i dtaobh na gcéimeanna atá riachtanach chun ráta inmharthana forbartha eacnamaíche a bhaint amach.  Ar an ábhar sin, ní amháin gur gnó do mo Roinn é straitéis a chumadh chun a cuid cuspóirí corparáideacha a bhaint amach, ach is cúram ar an Roinn é, leis, frámaíocht a fhorbairt inar féidir na smaointe is fearr—san uile earnáil—a aimsiú, agus gníomhú dá réir ar bhonn comhtháite dea-phleanáilte.

 Tá mé cinnte go bhfuil bonn téagartha leagtha amach chuige sin sa doiciméad seo.

 Caithfear straitéis mo Roinne a mheas i gomhthéacs obair na státseirbhíse ina hiomláine.  D’ainneoin an bhrú go léir atá ar na Ranna le blianta beaga, agus d’ainneoin go bhfuil tnúth an phobail ag dul i méid i gcónaí, tá áthas orm a rá go bhfuil caighdeán na seirbhíse a thugtar i gcoitinne ar ardleibhéal.

 Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’fhoireann na Roinne.  An dúthracht agus an ghairmiúlacht a léiríonn siad, is mór mar a chuidíonn siad le go mbainfear amach cuspóir foriomlán an Rialtais, is é sin, forás inmharthana eacnamaíoch agus fostaíochta mar aon le feabhas sa chóir shóisialta agus ardú sna caighdeáin mhaireachtála.

 Cathal Mac Riabhaigh, T. D.

Aire Airgeadais

Márta 2001 

 

Réamhfhocal leis an Ard-Rúnaí 

Chun beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm, agus chun a spriocanna sóisialta agus eacnamaíocha fadtéarmacha a bhaint amach, caithfidh an Roinn athmheas a dhéanamh de shíor ar na cuspóirí atá bainte amach aici, agus ar an timpeallacht luaineach ina bhfeidhmíonn sí. Is maith mar a d’fhóin na struchtúir a chuireamar ar bun chuige sin, agus táimid ag cur tuilleadh feabhsúchán i ngníomh an t-am ar fad.  De thoradh na ndúshlán agus na bhfadhbanna atá os comhair na seirbhíse poiblí, a bhfuil a gcoimpléascacht ag éirí níos casta, agus de thoradh an ráta athraithe i saol an phobail i gcoitinne, níl éifeacht a thuilleadh ag cuid mhaith de na huirlisí traidisiúnta anailíse ach amháin nuair a fheidhmítear iad ar scála leathan seirbhísí poiblí.  Is bunchúram é de chuid na Roinne Airgeadais comheagar níos foirfe a bhaint amach laistigh d’earnálacha éagsúla seirbhíse—agus eatarthu—mar aon le ceisteanna tras-Ranna a aimsiú agus a réiteach. 

Cumadh an Ráiteas Straitéiseach nua seo, a chlúdaíonn an tréimhse 2001-2003, lenár gcumas a neartú chun díriú go soiléir ar threo an bheartais phoiblí go foriomlán, agus chun aghaidh a thabhairt go rathúil ar na príomhréimsí forbartha i gcúrsaí sóisialta agus eacnamaíocha trínár dtosaíochtaí straitéiseacha a mhíniú go críochnúil.

 Déanann an Ráiteas nua seo forbairt bhreise ar chuid mhaith de na smaointe straitéiseacha a imlíníodh sa Ráiteas deiridh, agus leagann sé béim ar na limistéir sin mar a bhfuil tionscantacht faoi leith ag teastáil anois.  Déantar mionmhíreanna na straitéise a shuíomh laistigh d’ord rialta bliantúil ár bpróisis phleanála gnó, ord (nó imthriall) a riartar go príomha ag leibhéal na rannóg, faoi threoir bhainisteoirí na bhFo-Ranna, agus faoi mhonatóireacht an Choiste Chomhairligh Bhainistíochta.  Na pleananna gnó, nó na “cláir oibre”, seo, cuireann siad bonn struchtúrtha ar fáil chun na gnéithe iomadúla a eascraíonn ónár cuspóirí ardleibhéil a shainmhíniú agus a chur i gcrích.  Déanann na pleananna cruth eagartha bearta agus gníomhaíochtaí indéanta a chur ar mhíreanna den straitéis a bhíonn teibí go minic.  Ar an ábhar sin, is cóir féachaint ar an Ráiteas mar uirlís chun eagraíocht mhór choimpléascach a threorú trí chathair ghríobháin chasta d’fhéidearthachtaí éagsúla beartais.  Maidir leis seo, chruthaigh an Ráiteas a bhí againn cheana go han-mhaith, agus tá súil againn go mbeidh an Ráiteas nua seo lán chomh maith.

 Mar chríoch, ba mhaith liom aontú lena bhfuil ráite ag an Aire faoinár bhfoireann.  Feidhmíonn an tseirbhís phoiblí go léir i ngéarmhargadh saothair, mar a bhfuil dianiomaíocht ann ar thóir scileanna agus acmhainní.  Na hardchaighdeáin agus an díograis a léirigh ár bhfoireann sna blianta deireanacha seo, ní fhéadfaí teacht gan iad chun ár spriocanna a bhaint amach, agus chun na scileanna agus an tsaintaithí a fhoghlaim atá riachtanach chun rath leanúnach a bhuachan.

Seán Ó Muirthile

Ard-Rúnaí

 I -- Misean

 Eacnamaíocht fáis a chur chun cinn a mbeidh de thoradh air

fostaíocht inmharthana, forás sóisialta agus caighdeáin

mhaireachtála go huile ar ardleibhéal

  

Réamhrá

Chuir Ráiteas Straitéise 1998-2000 na Roinne bonn faoi ghníomhaíochtaí na bhFo-Ranna go léir i rith na tréimhse sin.  Tá uasdátú déanta ar an Ráiteas anois chun cúrsaí reatha a chur san áireamh. 

Na tosaíochtaí straitéiseacha a rianaítear thíos, cuireann siad san áireamh tarluithe suntasacha úra a bhaineann leis an ngeilleagar, agus chomh maith leis sin roinnt doiciméad straitéiseach agus eile a bhaineann le hobair na Roinne.  Ar na cáipéisí seo ta Clár Gníomhaíochta an Rialtais, an Plean Forbartha Náisiúnta, an Clár um Rathúnas agus Chothroime, Delivering Better Government, agus roinnt tuarascálacha taighde a d’ullmhaigh an Roinn i dtaca le réimsí beartais ar nós na gceann seo: Aontas Airgeadais na hEorpa (EMU), cánachas, rialtas leictreonach, agus straitéis bhuiséid do thréimhse níos faide ná an gearrthéarma.

 Misean

Tá ról lárnach ag an Roinn maidir le beartas an Rialtas a chur i bhfeidhm, agus maidir le comhairle agus tacú a thabhairt don Rialtas um bainistíocht eacnamaíoch agus airgeadais an Stáit, agus bainistíocht agus forbairt na seirbhíse poiblí i gcoitinne. Agus an chomhairle seo á foirmiú, is treoir don Roinn an misean atá aige, is é sin

 Eacnamaíocht fáis a chur chun cinn a mbeidh de thoradh air

fostaíocht inmharthana, forás sóisialta agus caighdeáin

mhaireachtála go huile ar ardleibhéal

Clúdaíonn an misean: 

 beartais a chur chun cinn a mbeidh de thoradh orthu cumas iomaíochta idirnáisiúnta agus feidhmiúlacht inmheánach;

 

an Rialtas a chomhairliú maidir leis an bpróiseas uile a bhaineann le giniúint agus dáileadh acmhainní chun sochair eacnamaíocha agus sóisialta inmharthana a bhaint amach, agus bainistíocht a dhéanamh ar an bpróiseas dá réir;

 

feabhsuithe leanúnacha a bhaint amach maidir le feidhmiúlacht agus éifeacht a chur i gcrích ar fud na hearnála poiblí go léir.

 

 

Tosaíochtaí Straitéiseacha

I dtaca leis an bhfás gan sáru san eacnamaíocht le blianta beaga agus leis an ngá go ngnóthófar tairbhe iomlán as na deiseanna a ghineann an fás seo, díreoidh an Roinn ar chúig thosaíocht straitéiseacha sna blianta amach romhainn:

O Fás agus fostaíocht, dul chun cinn sóisialta, agus caighdeáin mhaireachtála, a bheidh inmharthana, a chothú trí beartais chuí eacnamaíocha, bhuiséadacha agus chánachais a fhoirmiú. 

O Cur-i-gcrích chuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta an Rialtais, den mhéid is mó is féidir, a bhaint amach trí bhainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar bheartas an chaiteachais phoiblí.

  O Beartais a fhorbairt san Aontas Eorpach (AE) agus go hidirnáisiúnta d’fhonn leasanna na hÉireann a chur chun cinn.

 O Beartais maidir le hioncaim a chur chun cinn agus a fheidhmiú, i dtaca leis an tseirbhís phoiblí ach go háirithe, a chothóidh cumas iomaíochta agus soláthar seirbhísí feidhmiúla a oireann don aois seo.

 O Bainistíocht na seirbhíse poiblí a fheabhsú.

 Aschuir na Roinne

Is é, agus is é a bheidh amach anseo, príomhról na Roinne ná comhairle a sholáthar don Aire agus don Rialtas ar aon, maidir lena gcuspóirí a bhaint amach agus le beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm.  I measc na n-aschur bunaidh ag an am seo tá: 

                - beartas macra-eacnamaíoch;

                - an Ráiteas Buiséid bliantúil agus an tAcht Airgeadais;

                - na Meastacháin Chaiteachais bhliantúla agus an tAcht Leithreasaithe;

                - cinneadh agus feidhmiú beartais maidir le pá agus coinníollacha na seirbhíse poiblí;

                - an t-athrú go dtí an euro a chríochnú;

                - an Plean Forbartha Náisiúnta a chur i bhfeidhm;

                - nuachóiriú na seirbhíse poiblí a chur chun cinn;

                - comhoibriú idir an Tuaisceart agus an Deisceart a chur chun cinn;

                - seasamh na hÉireann maidir le beartas san AE agus i bhfóraim idirnáisiúnta eile a fhoirmiú;

                - frámaíocht na rialachán airgeadais a fheabhsú.

Ós Roinn lárnach í, ní féidir cuid mhaith d’aschuir na Roinne a chur i gcrích ach amháin i dteannta le, nó i gcomhoibriú le, Ranna, Oifigí agus comhlachtaí poiblí eile.  Lena chois sin, cuireann an Roinn roinnt seirbhísí tábhachtacha corparáideacha agus feidhmiúcháin i bhfeidhm thar ceann cliant inmheánach agus seachtrach.  Orthu seo tá seirbhís bhainc a sholáthar do Ranna Rialtais; íocaíocht pinsean le hiar-státseirbhísigh; Teicneolaíocht Eolais (TE) a chur ar fáil; oiliúint agus seirbhísí gaolmhara le haghaidh Ranna eile; agus bainistíocht acmhainní daonna, TE agus seirbhísí cuntasaíochta a sholáthar d’fhoireann na Roinne féin.

 

Slata Tomhais an Dul chun Cinn

Cabhróimid lenár ár dtosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach trí athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar bhonn réimse leathan táscairí.  Baineann na táscairí go príomha leis an eacnamaíocht agus le feidhmiú na seirbhíse poiblí, ach cuirfidh siad san áireamh freisin aidhmeanna na Roinne maidir le comhtháthú sóisialta, fáil ar sheirbhísí poiblí, agus forbhairt inmharthana. 

Is iad seo a leanas príomhtháscairí ar dhul chun cinn maidir le gach tosaíocht straitéiseach:

  Beartas eacnamaíoch, buiséadach agus cánachais

            - fás eacnamaíoch;

            - coibhneas fostaíochta agus ráta dífhostaíochta;

            - Comhardú Ginearálta Rialtais;

            - laghdú fiachais agus cúlchistí pinsin;

            - an leibhéal boilscithe;

            - cumas iomaíochta idirnáisiúnta;

            Bainistíocht éifeachtach ar bheartas an chaiteachais phoiblí

            - soláthar seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán ar chostas iomaíoch idirnáisiúnta;

            - cur i ngníomh éifeachtach an Phlean Forbartha Náisiúnta;

            - eagrú éifeachtach na dtosaíochtaí caiteachais;

            - comhairle bheartais a mbeidh de thoradh air comhordú éifeachtach maidir le ceisteanna idir-ranna nó le ceisteanna i bpáirt acu.

            Beartas i leith an AE agus beartas idirnáisiúnta

            - cuidiú le beartas na hÉireann i leith an AE a fhoirmiú;

            - ionadaíocht éifeachtach maidir le seasamh na hÉireann ag Comhairlí

                        ECOFIN agus Comhairlí Buiséid;

                        riar éifeachtach fáltas ó Chiste Struchtúrach agus Comhtháthaithe an AE;

            - uas-sochair ó bhallraíocht san AE/Aontas Airgeadais Eorpach(EMU)

            - athrú rathúil go dtí an euro;

            - earnáil na seirbhísí airgeadais a bheith iomaíoch;

            - muinín phoiblí agus institiúideach as na struchtúir atá mar bhonn ag earnáil

                        na seirbhísí airgeadais;

            - comhoibriú feabhsaithe idir an Tuaisceart agus an Deisceart;

            - éifeacht pháirtíocht na hÉireann ag fóraim eacnamaíocha agus airgeadais.

            Beartas Ioncam

            - imeachtaí maidir le pá a bheith de réir an Chláir um Rathúnas agus

                        Chothroime

            - beart a dhéanamh de réir choinníollacha an Chláir um Rathúnas agus Chothroime maidir le clár nuachóirithe na seirbhíse poiblí a chur chun cinn;

            - socruithe éifeachtacha comhpháirtíochta agus síocháin tionsclaíoch.

            Bainistíocht Fheabhsaithe na seirbhíse poiblí

                        -            feabhsúithe maidir le feidhmiú, éifeacht agus freagarthacht sa

                                    tseirbhís phoiblí;

                        -            bainistíocht fheabhsaithe maidir le hacmhainní daonna;

                        -            bainistíocht fheabhsaithe maidir le cúrsaí airgeadais;

                        -            leagan amach agus baint amach spriocanna maidir le nuachóiriú na                                          seirbhíse

                                    poiblí de réir choinníollacha an Chláir um Rathúnas agus Chothroime;

                        -            soláthar níos mó a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar sheirbhísí rialtais 

                                    leictreonaigh;

                        -            sainbhearta a fhorbairt, ara mbeidh reachtaíocht, mar thaca                                   d’fheidmhiú

                                    leanúnach Delivering Better Government;

                        -            soláthar seirbhíse feidhmiúla dár gcliaint inmheánacha agus                                     sheachtracha.

Ar tháscairí breise ar dhul chun cinn na Roinne i gcoitinne beidh a cuid foilseachán a chur amach go tráthúil agus a cuid spriocanna reachtaíochta a bhaint amach. Ina measc seo tá an tAcht Airgeadais, an tAcht Leithreasaithe, an Buiséad, na Meastacháin Chaiteachais, na Cuntais Airgeadais, an Clár Caipitil Phoiblí, an Léirbhreithniú agus Dearcadh Eacnamaíoch, an Tuarascáil um Dhul Chun Cinn i dtaca leis an Ráiteas Straitéiseach, meamraim a ullmhaíonn an Grúpa Straitéiseach Cánach, agus sraith d’fhoilseacháin agus de thionscadail reachtaíochta eile a eascraíonn as obair gach Fo-Roinne  

Chun na príomhathruithe a tharla ónár Ráiteas Straitéiseach deiridh (1998) a shainaithint, rinneamar anailís ar an timpeallacht ghinearálta ina ndéanaimid ár gcuid oibre; is é sin, an timpeallacht ar a mbraitheann treo foriomlán ár dtosaíochtaí straitéiseacha.  Coimrítear an anailís sin sa chéad chaibidil eile.

 II – An Timpeallacht ina bhFeidhmíonn

    an Roinn

Timpeallacht athraitheach

Tá an Roinn ag feidhmiú i gcónaí laistigh de thimpeallacht chasta eacnamaíoch agus shóisialta.  Na hathruithe iomadúla atá ag tarlú inár n-eacnamaíocht le blianta beaga, ciallaíonn siad gur dúshlán lárnach don Rialtas conas tosca ratha a riar. Is mó ná riamh an dualgas orainn chun a chinntiú go n-úsáidtear torthaí an fháis sa chaoi is fearr ar mhaithe leis na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.  Lena chois sin, tá athruithe sóisialta ag tarlú go han-tapa.  Cuid den chúis leo siúd is ea an fás eacnamaíoch, rud a éilíonn go ndéanfar athbhreithniú ar nithe a nglactaí leo gan cheist mar bhoinn thraidisiúnta faoi réimse leathan beartas.  A leithéidí seo:  

               O            múnlaí athraitheacha i gcomhdhéanamh an teaghlaigh;

               O            tnúth agus dúil maidir le gairmeacha bheatha;

               O            tionchar na teicneolaíochta;

               O            míchothroime maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch i gceantair éagsúla;

               O            cáilíochtaí oideachasúla;

               O            an tionchar a imríonn an síorphlódú ar cháil na beatha;

               O            earcú agus coinneáil státseirbhíseach agus seirbhíseach poiblí eile; agus

               O            tuiscint níos fearr do riachtanais mionlach agus grúpaí ar an imeall

                        sa phobal.

Tá méadú suntasach freisin sa ráta athraithe ag an leibhéal idirnáisiúnta, ar nós:

                O            fás cúrsaí gnó ar bhonn domhanda;

               O            úsáid mhéadaithe na teileachumarsáide agus na teicneolaíochta eolais;

               O            géarú ar fhórsaí an mhargaidh;

               O            cumas níos mó so-ghluaiseachta ag caipiteal agus acmhainní daonna

               O            tábhacht níos mó ag ceisteanna “glasa” nó timpeallachta; agus

               O               ag leibhéal an AE, tionchar leanúnach an EMU, bearta chun an AE

                        a mhéadú, agus éabhlóidiú staid ghlan bhuiséad na hÉireann.

Ár gcliaint agus ár seirbhísí

Is iad príomhchliaint na Roinne an tAire Airgeadais, an tAire Stáit, an Rialtas agus an tOireachtas, ar tríothu a dhéanann an Roinn freastal ar an bpobal i gcoitinne agus ar a n-ionadaithe tofa, agus ar Ranna Rialtais eile chomh maith.  Nuair a fhoirmíonn an Roinn comhairle, caithfidh sí aird a dhíriú freisin ar dhearcaí réimse leathan leasanna, ar a bhfuil na páirtithe sóisialta, ionadaithe gnó agus earnálacha, fóraim agus forais taighde, comhlachtaí AE agus comhlachtaí idirnáisiúnta, agus dearcaí agus dúile an phobail i gcoitinne.

I measc seirbhísí na Roinne, a chuireann ar fáil na haschuir a luadh sa chaibidil roimhe seo, tá:

             seirbhísí eacnamaíocha, buiséadacha agus cánachais

            -            soláthar comhairle maidir le beartas macra-eacnamaíoch,

                        beartas buiséadach agus cánachais;

            -            ullmhú le haghaidh athrú go dtí an euro;

            -            feabhsú fhrámaíocht na rialachán a bhaineann leis an earnáil airgeadais;

            caiteachas

            -            dáileadh, comhordú agus riar ginerarálta an chaiteachais phoiblí;

            -            idirbheartaíocht agus riar feidhmiúil maidir le haistrithe acmhainní AE;

            -            comhordú ar fheidhmiú éifeachtach an Phlean Fhorbartha Náisiúnta;

            -     cur chun cinn comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha;

            ioncaim

            -            beartas ioncaim go ginearálta, le béim faoi leith ar an tseirbhís phoiblí;

            -            caidreamh tionsclaíoch sa tseirbhís phoiblí;

            -            leasú na gcleachtas socraithe pá sa tseirbhís phoiblí;  

            seirbhísí eile

            -     cur chun cinn comhoibrithe trasteorann;

            -     cur chun cinn rialtais leictreonaigh;

            -            soláthar Teicneolaíochta Eolais (IT), agus seirbhísí oiliúna agus forbartha;

            -            soláthar seirbhíse baincéireachta do Ranna Rialtais;

            -     íoc pinsean státseirbhíse;

            -     cur chun cinn bainistíochta feidhmiúla éifeachtaí san earnáil phoiblí,

                        agus tionscnamh na reachtaíochta is gá san áireamh; 

            -            athmheas agus comhordú ar shocruithe pinsean na seirbhíse poiblí.

   

 

Ag tabhairt aghaidhe ar na dúshláin a bhaineann le timpeallacht athraitheach

Is é príomhneart na Roinne scil agus díograis na foirne agus an mhian atá acu chun freastal ar riachtanais luaineacha ár dtimpeallachta. Is beag amhras atá ann nach bhféadfadh an Roinn an réimse leathan de spriocanna dúchlánacha atá aici a bhaint amach gan dúthracht agus gairmiúlacht na foirne. 

Ag féachaint romhainn, cothóidh próifíl dhéimeagrafach na tíre forbairt leanúnach sa lucht oibre, agus cuideoidh ardú i gcumais oideachasúla le méaduithe breise táirgiúlachta. Tá geallúint inár staid bhuiséadach go leanfaidh ardleibhéil infheistíochta sa bhonneagar agus i spriocanna gaolmhara eacnamaíocha. Is iad na cumais nirt seo an príomhbhealach atá ag Éirinn chun forás eacnamaíoch agus sóisialta a bhuanú le linn na ndeich mbliana atá romhainn. Is é ár bpríomhdhúshlán, mar sin, na cumais seo a úsáid le barr éifeachta. 

Chun lántairbhe a bhaint as na hábhair sochair seo, beidh gá le straitéisí tionscantacha i ngach earnáil, mar aon le glinndearcadh ar ár dtosaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta. Beidh ról lárnach ag an Roinn ag cuidiú leis an bpróiseas agus ag ceapadh beartas atá i dtiúin le riachtanais fhadtéarmacha na heacnamaíochta agus na sochaí tríd síos. 

Chuige sin, beidh orainn díriú go soiléir ar bheartais a bhfuil mar aidhm acu:

                O            fás inmharthana, le cothromaíocht réigiúnach chuí;

               O            bacainní sa bhonneagar agus sa mhargadh fostaíochta a leigheas;

               O            seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán a sholáthar go héifeachtúil;

               O            boilsciú a choinneáil íseal;

               O            struchtúr an chórais chánach a fheabhsú;

               O            an PFN (NDP) a fheidhmiú go héifeachtach agus ar chostas feidhmiúil;

               O            comhphlé gníomhach leis na gníomhaithe cuí go léir sa bhaile agus thar lear;

               O imeachtaí pá a chur chun cinn a bheidh i gcomhréir le cumas leanúnach

            iomaíochta na hÉireann go hidirnáisiúnta. 

Sa dara hásc, éilíonn an méid seo thuas go leanfaimid linn ag tabhairt aghaidhe ar na héiginntí a

                        bhaineann le 

               O            oscailteacht eacnamaíocht na hÉireann;

               O            méadú an AE;

               O            leasú struchtúrach an AE;

               O            dul in aois an phobail;

               O            borradh ar thábhacht na ríomhthráchtála. 

Ní cóir beag a dhéanamh de na contúirtí nó na héiginnteachtaí seo.  Mar shampla, nuair a théann pobal in aois, bíonn impleachtaí maidir le soláthar cúraim shláinte, agus bíonn tionchar ag súilíochtaí an phobail ar chostais agus chaighdeáin an tsoláthair sin.  Tá sé deacair tionchar mhéadú an AE ar earnálacha faoi leith a mheas.  Rud eile, cé gur cosúil go méadófar go suntasach ról na ríomhthráchtála i gcúrsaí trádála domhanda, ní léir go fóill cad iad na himpleachtaí a bheidh ann don eacnamaíocht dá bharr. 

Caithfear a aithint, ce go bhfuil ár straitéis bunaithe ar chobsaíocht sa timpeallacht sheachtrach, go mbaineann mórán éiginnteachtaí leis an timpeallacht sin freisin. 

Ag cinntiú go n-éireoidh lenár straitéis

Chun ár straitéis a chur ar aghaidh go rathúil, beidh orainn gníomhú go dlúth le cuid mhaith eagraíochtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, a ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí i dteannta a chéile mórthionchar a imirt ar an gcaoi a bhfeidhmíonn eacnamaíocht na hÉireann.  Ní Ranna agus Oifigí Rialtais amháin atá i gceist anseo, ach comhlachtaí poiblí eile, na páirtithe sóisialta, agus na hearnálacha gnó agus airgeadais.  Tagann de seo go mbeidh orainn cúram a dhéanamh den fhrámaíocht chaidriúil a chothaíonn an teagmháil thorthúil atá againn ó lá go lá leis na comhlachtaí seo, agus go ndéanfaimid tuilleadh a thógáil air.  Éilíonn sé freisin go leanfaimid de scileanna na foirne a fhorbairt ionas go mbeidh ar ár gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna casta iomadúla a eascraíonn as ár dtimpeallacht athraitheach.

An anailís atá déanta againn ar an timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta, ní amháin go mbeidh tionchar aige ar an gcaoi a dtabharfaimid faoi gach ceann dár spriocanna, mar a léirítear sna caibidlí a leanann thíos, ach cheana féin tá sé tar éis dul i bhfeidhm ar an straitéis ina hiomláine, trí béim a leagan ar na nithe seo:

       -     an tábhacht a bhaineann le fás eacnamaíoch agus feidhmiú na fostaíochta, ar bhonn fadtéarmach inmharthana, maidir le dréimeanna leathana an phobail a bhaint amach; 

      -     an gá atá ann freagairt go cuí agus in am d’athruithe sa timpeallacht eacnamaíoch dhomhanda;

       -     an tábhacht, atá ag dul i méid, a bhaineann le solúbthacht sa mhargadh fostaíochta, le lucht saothair ardoilte, agus le teicneolaíocht theileachumarsáide;

       -     a riachtanaí is atá sé a chinntiú go dtacaíonn forbairtí sna hearnálacha éagsúla lena chéile, agus go lorgófar go dícheallach na sineirgí go léir is féidir a bhaint amach.

       -     an tábhacht a bhaineann leis na socruithe institiúideacha agus comhairleacha sin a chinntíonn ardleibhéal comhorduithe agus comhthuisceana idir na gníomhaithe difriúla sin, agus na páirtithe sóisialta san áireamh, a bhfuil an tionchar is mó acu ar an mbealach a ngabhfaidh ár n-eacnamaíocht amach anseo, éabhlóidiú na n-earnálacha éagsúla, agus forbairt struchtúr taca cuí.

 

III – Tosaíochtaí Straitéiseacha 

Tosaíocht Straitéiseach 1

Beartas Eacnamaíoch agus Airgeadais 

Chun an aidhm fhoriomlán a bhaint amach -- eacnamaíocht láidir, rafar a chur chun cinn -- foirmeoidh an Roinn tacar cuimseach beartas ar chaiteachas, chánachas agus chobhsaíocht bhuiséadach a bheidh i comhréir leis na tosaíochtaí atá aimsithe ag an Rialtas. Tabharfaidh na beartais seo aird ar athruithe sa timpeallacht dhomhanda, ar chuspóirí na forbartha inmharthana, ar chuimsiú agus ar chomhtháthú sóisialta, agus beidh siad dírithe ar na toscaí sin a bhuanú inar féidir le hinfheistíocht agus le fiontraíocht bláthú.  Tabharfaidh siad aird freisin ar riachtanais an mhargaidh shaothair agus ar na strusanna a cuireadh ar an mbonneagar de bharr an fháis eacnamaígh agus fhostaíochta le tamall. 

Cuspóirí:

O    Beartas Eacnamaíoch

            Chun cuidiú leis an ráta fáis eacnamaígh inmharthana is fearr, forbróidh agus cuirfidh an Roinn chun cinn beartais cuí ionas go mbainfear amach 

                - ardchobhsaíocht praghasanna;  

                - leibhéil fhoriomlána chánachais agus chaiteachais a bheidh i gcomhréir le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta 

                - cumas leanúnach iomaíochta idirnáisiúnta;  

                - feidhmiúlacht inmheánach san eacnamaíocht san iomlán. 

O    Beartas Buiséadach

            Leanfaidh an Roinn de straitéis bhuiséadachach a chur chun cinn a dhéanfaidh

                 - bonn taca a chur faoi chumas iomaíochta agus faoin bhfostaíocht;

                 - staid bhuiséadach a chur ar fáil a bheidh i mbarrachas nó i ngar do chomhardú le linn na tréimhse eacnamaíche ar mhaithe le

                             o buntosaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha;

                             o    caomhnú na solúbthachta is gá chun a chinntiú go dtacóidh an beartas

                        buiséadach go leanúnach le forás cobhsaí;

                             o     comhlíonadh na n-oibleagáidí airgeadais atá orainn faoin AAE (EMU);

                             o ualach fiachais an Rialtais a laghdú a thuilleadh.

 O    Beartas Cánachais

            Sa chomhairle a thugann an Roinn um beartas cánachais tá sé d’aidhm aige struchtúr an chórais chánachais a fheabhsú chun cóir, fostaíocht, fiontraíocht agus feidmhiúlacht a chur chun cinn trí bhearta a chur i gcrích

                 - a chomhlíonfaidh cuspóirí bheartas an Rialtais maidir le cánachas;

                 - a leathnóidh an bonn cánachais, a laghdóidh an t-ualach cánach ar dhaoine ar ísealioncam, agus a thógfaidh codán níos mó de na daoine ar mheánioncaim as an ardráta cánach ioncaim; 

                - a éascóidh comhtháthú na mbeartas cánach agus tacaíochta ioncaim ionas go laghdófar gaistí fostaíochta agus bochtaineachta agus go spreagfar níos mó daoine chun dul isteach sa mhargadh fostaíochta; 

                - a laghdóidh an t-ualach riartha cánach ar cháiníocóirí agus ar fhostóirí, a dhíreoidh dreasachtaí cánach ar na bealaí is fearr a bhainfidh cuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta amach, agus a choiscfidh seachaint agus imghabháil cánach; 

                - a chuideoidh le córas pá ar fud na heacnamaíochta a bheidh iomaíoch go hidirnáisiúnta.

             Féachann an Roinn freisin le haghaidh a thabhairt ar:

                 - na himpleachtaí don chóras cánach de thoradh tarluithe go hidirnáisiúnta agus san AE, agus an fás domhanda i gcúrsaí gnó agus san r-thráchtáil san áireamh;

                 - ról an chórais chánach mar uirlis bheartais maidir leis an timpeallacht, tithíocht agus ceisteanna eile.

 O    Beartas Caiteachais Chomhiomláin

            Is iad aidhmeanna na Roinne maidir le caiteachas comhiomlán poiblí ná

                 - tosaíochtaí caiteachais a aimsiú, nuair a dhéantar comhairle bheartais a fhoirmiú, is fearr a gheallfaidh fás agus comhtháthú sóisialta;

                 - an caiteachas poiblí comhiomlán, agus na geallta as siocair an Phlean Fhorbartha Náisiúnta agus an Chláir um Rathúnas agus Chothroime san áireamh, a riar laistigh de na paraiméadair a leagann an Rialtas síos;

                - soláthar seirbhísí ar mhodh éifeachach agus feidhmiúil ó thaobh costais a spreagadh; 

                - a chinntiú go mbeidh an méid iomlán a chaitear ar phá na seirbhíse poiblí i gcomhréir leis na cuspóirí seo.

 O    Beartas maidir le Seirbhísí Airgeadais

            Agus beartais á bhforbairt mar bhonn do rialú éifeachtach stuama córasúil earnáil na seirbhísí airgeadais, agus aire faoi leith á tabhairt do riachtanais na dtomhaltóirí, tacú agus spreagadh a thabhairt do na nithe seo: 

                -            cobhsaíocht airgeadais;

                 -            margadh iomaíoch feidhmiúil sna seirbhísí airgeadais;

                 -            an cleachtas is fearr ar fud an tionscail ó thaobh an chustaiméara de.

Táscairí ar Dhul Chun Cinn

Tá sé intuigthe go bhfuil táscairí ar dhul chun cinn ag gach ceann de na cuspóirí thuasluaite. I gcoitinne, is iad na sainchomharthaí go bhfuil ag éirí le beartais na Roinne faoin tosaíocht straitéiseach seo ná  

               O            eacnamaíocht le cumas iomaíochta;  

               O            dul chun cinn eacnamaíochta agus fostaíochta atá inmharthana;  

               O            cobhsaíocht bhuiséadach 

               O            comhtháthú sóisialta níos fearr; agus 

               O            muinín phoiblí as earnáil na seirbhísí airgeadais. 

Part II


 
Users who read this document also viewed
01 June 2003Welcome from the Minister
27 July 1998Freedom of Information
06 October 2002 The Strategic Management Initiative was set up in 1996 and marks a major step towards improving the Civil Service. SMI...
20 February 2003 Recruitment to all Civil Service Departments/Offices is co-ordinated centrally by the Office of the Public Appointments...
30 January 2006EU Legislation Section