Department of Finance

Search - Cuardach   
Home  /  Press Releases  /  Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta...
Switch to the PDA version of the site Change Language Text Only Provides a printer friendly version of this document, opens in a new browser window

About the DepartmentAbout the Department
Contact UsContact Us
Pay and Other Circulars
Personnel Circulars
Press Releases
Speeches
Financial and Economic InformationFinancial & Economic Information
Policy Areas and PublicationsPolicy Areas & Publications
Civil/Public Service InformationCivil/Public Service Information
Site GuideSite Guide
Budget
Government Website
Home
EU Matters Website
FOI
Public Financial Procedures
PIPS
Banking Inquiry
 
 

Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar

Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais:

Preasráiteas

D’eisigh an tAire Airgeadais, an tUasal Brian Lenihan, TD Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais inniu (16 Iúil 2009). Bhí an Grúpa a shuigh le sé mhí faoi chathaoirleacht Eacnamaí UCD, Colm McCarthy Uasal.

Bá é an sainordú a bhí ag an nGrúpa ná caiteachas reatha an Státchiste ar fud na ranna agus na ngníomhaireachtaí ar fad a scrúdú, féachaint cá háit a bhféadfaí coigilt a dhéanamh ó thaobh caiteachais agus foirne de, de réir mar is gá sa ghéarchéim airgeadais atá ann i láthair na huaire.

Thug an tAire ar aird go ndearna an Grúpa sraith moltaí maidir leis sin, arb ionann iad agus €5.3 billiún san iomlán i mbliain iomlán agus a bhéarfaidh laghdú foirne de 17,300.

Dúirt an tAire gur “scrúdú cuimsitheach agus sonrach atá sa Tuarascáil ar chaiteachas iomlán na Roinne ag féachaint go háirithe cad atá beartaithe ag gach clár caiteachais a bhaint amach, agus ar baineadh amach é nó nár baineadh, agus an bhfuil údar maith leis an leibhéal caiteachas sna coinníollacha reatha ó thaobh acmhainní teoranta”.

Leag an tAire béim ar an bpointe gurb é staid chrua an bhuiséid an comhthéacs do thorthaí an Ghrúpa Speisialta.

“Ó thús na géarchéime eacnamaíochta an bhliain seo caite, tá

gníomhartha diongbháilte glactha ag an Rialtas chun an t-airgeadas poiblí a chobhsú. Ó mhí Iúil 2008 agus go háirithe sa Bhuiséad Forlíontach in Aibreán, tugadh isteach bearta laghduithe caiteachais agus bearta arduithe ioncaim arb ionann iad agus thart ar 5% den GDP in 2009.

“Fiú agus na bearta seo tugtha isteach, caithfimid €20 billiún sa bhliain seo aisti féin, suim níos mó ná mar a thabharfaimid isteach i gcánacha agus in ioncaim eile. Líonfar an bhearna sin trí airgead a fháil ar iasacht ar na margaí idirnáisiúnta, agus cuirfear mar sin lenár leibhéal fiachais go foriomlán. Lena chur go simplí, níl iasachtaí ag an leibhéal sin inbhuanaithe. Mura féidir le Éire Teo meon macánta a léiriú maidir lenár n-airgeadas poiblí a chur ina cheart trína chur ar shlí inbhuanaithe ardóidh an táille úis a ghearrtar ar ár n-iasachtaí”.

Thug an tAire Lenihan ar aird gur leag an Buiséad Forlíontach a fógraíodh in Aibreán amach phlean ilbhliantúil chun an t-airgeadas poiblí a thabhairt ar ais chuig staid inbhuaine. Mar chuid den Phlean, léiríodh go raibh bearta breise coigiltis caiteachais agus bearta arduithe ioncaim arb ionann iad agus €4 billiún riachtanach do phacáiste Buiséid 2010.

Is éard a dúirt an tAire “ ar bhonn a gcuid anailíse cuireann an Grúpa Speisialta roghanna polasaí atá crua i láthair. Is roghanna iad seo a gcaithfimidne mar dhaoine, agus ní hamháin ionadaithe poiblí agus an Rialtas aghaidh a thabhairt orthu chun an náisiún seo a thabhairt slán, postanna a chruthú, freastal ar riachtanais an phobail agus cothroime a chur chun cinn, agus chruthaíomar go bhfuilimid mar shochaí in ann é sin a dhéanamh le fiche bliain anuas”.

D’iarr an tAire go ndéanfaí díospóireacht mheáite mhacánta faoi na roghanna polasaí sonracha atá leagtha amach sa Tuarascáil:-

“Aithním, agus aithníonn an Rialtas, go bhfuil na deiseanna atá amach romhainn crua agus pianmhar. Teastóidh comhiarracht shóisialta chun iad a bhaint amach agus ní daoine a bheidh ag tochras ar a gceirtlín féin gan aird ar aon duine eile.

“Sin é an cúis go n-iarraim ar dhaoine an Tuarascáil a léamh go cúramach agus go criticiúil agus gan ionsaí cosantach gan stuaim a dhéanamh ar mholtaí an Ghrúpa Speisialta. Caithfimid go léir, lena n-áirítear iad sin sa riarachán poiblí, glacadh leis go gcaithfear bealaí nua a fháil in áit na seanbealaí chun rudaí a dhéanamh, ionas go mbeimid in ann seirbhísí poiblí den scoth a sheachadadh i gcomhthéacs an leibhéil acmhainní atá againn agus iad i bhfad níos lú.

Breithneoidh an Rialtas moltaí na Tuarascála sna míonna amach romhainn. Is é an Rialtas a bheidh freagrach as an gcinneadh deiridh agus beidh an Dáil, thar ceann na ndaoine, agus an Rialtas ag tnúth go mór le dearcaí agus ionchair na ndaoine ar fad lena mbaineann, a chloisteáil.

“Ar an gcúis sin” a deir an tAire “cuirfidh an Rialtas ar aghaidh an Tuarascáil gan mhoill chuig an gCoiste Oireachtais ar Airgeadas agus ar Ghnóthaí Ginearálta roimh an mBuiséad i mí na Nollag le hanailís agus trácht a dhéanamh uirthi”

Ghlac an tAire buíochas le baill an Ghrúpa Speisialta as a ndícheall dúthrachtach le sé mhí agus as an athbhreithniú cuimsitheach agus eolasach a rinne siad ar mhaithe leis an bpobal.


 
Users who read this document also viewed..
16 July 2009 - Report of Special Group on Public Service Numbers and more ...
27 July 1998 - Following the Freedom of Information ( Amendment ) Act, 2003, more ...
01 July 2009 - more ...
15 January 2009 - Ministers Statement The Government has today decided, having more ...
05 May 2009 - Minister for Finance, Mr Brian Lenihan, TD, more ...


 
Dept of Finance, Government Buildings, Upr Merrion St. Dublin 2, Ireland. Tel +353 1 676 7571 webmaster@finance.gov.ie