Department of Finance

Search - Cuardach   
Home  /  Press Releases  /  Preasráiteas. Tuarascáil Chomhlacht...
Switch to the PDA version of the site Change Language Text Only Provides a printer friendly version of this document, opens in a new browser window

About the DepartmentAbout the Department
Contact UsContact Us
Pay and Other Circulars
Personnel Circulars
Press Releases
Speeches
Financial and Economic InformationFinancial & Economic Information
Policy Areas and PublicationsPolicy Areas & Publications
Civil/Public Service InformationCivil/Public Service Information
Site GuideSite Guide
Budget
Government Website
Home
EU Matters Website
FOI
Public Financial Procedures
PIPS
Banking Inquiry
 
 

Preasráiteas

Tuarascáil Chomhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí

Tá Tuarascáil Chomhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí faighte ag an Tánaiste agus Aire Airgeadais, an tUasal Brian Ó Comhain TD, ó Chathaoirleach an Chomhlachta, an tUasal Dan O’Keefe, AS.

Clúdaíonn an Tuarascáil na mórghrúpaí uile sa tseirbhís phoiblí (seachas na barrphoist atá clúdaithe ag an gComhlacht Athbhreithnithe Ardtuarastal san Earnáil Phoiblí agus oibrithe ceirde agus gráid ghaolmhara leithéidí oibrithe ginearálta a choimsítear faoi phróiseas comhthreormhar ar leith atá os comhair na Cúirte Oibreachais faoi láthair.

Fuair Comhlacht na Slat Tomhais amach go raibh tuarastail sa tseirbhís phoiblí tríd síos, ag na leibhéil seo, cothrom go maith leis an earnáil phríobháideach. Ní mholtar aon mhéadú do thromlach mór na ngrád a scrúdaíodh.

Fuair Comhlacht na Slat Tomhais amach go raibh na pinsin ag na grúpaí sa tseirbhís phoiblí a scrúdaíodh níos luachmhaire go suntasach ná pinsin grúpaí san earnáil phríobháideach agus gur cóir luach níos airde de 12% a áireamh ar phinsin na seirbhíse poiblí.

Ag cur an lascaine pinsin san áireamh, ní mholtar méaduithe ach in 15 grád de na 109 grád a scrúdaíodh – moltar na méaduithe do chuid de na gráid is sinsearaí a scrúdaíodh. Meastar gur €50 milliún costas an mhéaduithe (méadú de 0.3% ar phábhille na ngrád a chlúdaítear sa tuarascáil).

“Beidh mé ag tuairisciú don Rialtas ar an tuarascáil an tseachtain seo chugainn. Faoi réir an Chomhaontaithe Chomhpháirtíochta Shóisialta, I dTreo 2016, pléifidh na páirtithe feidhmiú na Tuarascála i gcomhthéacs na díospóireachtaí faoi cibé socruithe maidir le pá agus coinníollacha a chuirfear i bhfeidhm nuair a bhíonn críoch leis an gcomhaontú reatha um pá sa tseirbhís phoiblí”, a dúirt an Tánaiste.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach Dan O’Keeffe, AS, agus le baill uile an Chomhlachta agus leis an rúnaíocht as an saothar cuimsitheach a rinne siad chun an scrúdú seo a dhéanamh agus as a dtiomantas chun an tuarascáil a chríochnú laistigh den tréimhse ama a leagadh síos”, a dúirt sé freisin.

Tá an Tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, www.finance.gov.ie agus tá coimrú feidhmeach ag gabháil leis seo.

10 Eanáir 2008

Críoch


Nóta do Eagarthóirí

Is iad baill Chomhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí ná:

An tUasal Dan O'Keeffe A.S. C., BCL, LL.B., A.C.A. – Cathaoirleach

An tUasal Bill Attley, iar-Rúnaí Ginearálta SIPTU,

An Banuasal Olive Braiden, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, iar-Chathaoirleach Earnáil an Chirt den Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta,

An tUasal John Malone, Iar-Ardrúnaí na Roinne Talmhaíochta & Bia,

An tUasal Tom McKevitt, iar-Leas Rúnaí Ginearálta Chumann Feidhmiúcháin na Seirbhíse Poiblí,

An tUasal Willie Slattery, Stiúrthóir Bainistíochta, State Street International (Ireland) Teo, agus

An tOllamh Brendan Walsh, Ollamh Gradaim le hEacnamaíocht, COBÁC



 
Users who read this document also viewed..
30 July 2009 - Statement by Minister for Finance on theNAMA legislation draft more ...
26 February 1999 - Speech by Minister of State Martin Cullen, TD to the Institute more ...


 
Dept of Finance, Government Buildings, Upr Merrion St. Dublin 2, Ireland. Tel +353 1 676 7571 webmaster@finance.gov.ie