Fáiltíonn an tAire Airgeadais, Brian Ó Comhain, TD, roimh ainmniúcháin do Bhinse Achomhairc Sheirbhísí Airgeadais na nÉireann
Chuir an tAire Airgeadais, Brian Ó Comhain Uasal, TD, fáilte inniu roimh chinneadh an Rialtais baill a ainmniú lena gceapadh ag an Uachtarán ar Bhinse Achomhairc Sheirbhísí Airgeadais na hÉireann.
Is iad na hainmniúcháin: Cathaoirleach – An tIar-Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Francis D Murphy; Leas-Cathaoirleach – Inge Clissman Uasal AS; Baill Tuata: John Fish Uasal, Geraldine Clarke Uasal, John Loughrey Uasal, Paulyn Marrinan-Quinn Uasal, SC agus Liam Madden Uasal.
Déileálfaidh an Binse le hachomhairc in aghaidh cinntí áirithe leis an Rialálaí Airgeadais.
Dúirt an tAire:
“Is céim thábhachtach eile chun tosaigh í bunú Bhinse Achomhairc na Seirbhísí Airgeadais chun sláine an réimis rialála do sholáthróirí seirbhísí airgeadais sa tír seo a chinntiú. Guím gach rath ar na Baill nua sa ról tábhachtach atá siad ag glacadh orthu féin.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Faisnéis Chúlra i dtaobh an Bhinse
Bunófar Binse Achomhairc na Seirbhísí Airgeadais faoi Acht Bhanc Ceannais agus Údarás Sheirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003. Leanann bunú an Bhinse ar an nGnáthamh Riaracháin Smachtbhannaí le haghaidh an Rialálaí Airgeadais a thionscnaíodh in 2004.
Faoin Acht is féidir le Binse Achomhairc Sheirbhísí Airgeadais na hÉireann achomhairc in aghaidh cinntí áirithe leis an Rialalaí Airgeadais a éisteacht agus a chinntiú. Sa reachtaíocht ábhartha as a n-eascraíonn an cinneadh i.e. de réir mar is ceist baincéireachta, árachais no infheistíochta é, is ea a shainítear an féidir achomharc in aghaidh an chinnidh a dhéanamh chuig an mBinse. Is féidir cinntí riaracháin a dheimhniú, a athrú, a mhalartú, nó a tharchur. Ina theannta sin, is féidir leis an mBinse cinntí áirithe leis an Rialálaí Airgeadais, a bhaineann leis an nGnáthamh Riaracháin Smachtbhannaí, a chur ar ceal.
Má bhíonn achomharcóir míshásta leis an toradh deiridh, is féidir leis an té sin achomharc in aghaidh chinneadh an Bhinse a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt.
Lonnófar an Binse ag – Urlár 1, Teach Frederick, 19 Sráid Fhreidric Theas, Baile Átha Cliath 2.
An Breitheamh Uasal Francis D Murphy: is iar-Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach é.
Inge Clissmann Uasal: is Abhcóide Sinsir í, agus is Cathaoirleach reatha í ar Phainéal Disciplíneach Choláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, agus ar Bhord Achomhairc Disciplíneach na Státseirbhíse, agus is iarbhall í den Bhord Achomhairc um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána
Paulyn Marrinan-Quinn Uasal: is Abhcóide Sinsir í, agus í ina hOmbudsman reatha do na Fórsaí a Cosanta.
Geraldine Clarke Uasal: is aturnae cáilithe í le speisialú sa dlí tráchtála, agus is iar-Uachtarán í ar Ollchumann Dlí na hÉireann.
John Fish Uasal: is aturnae cáilithe é le taithí leathan i réimsí na tráchtála agus an dlí bhaincéireachta agus is ball reatha é de Chomhairle Ollchumann Dlí na hÉireann.
Liam Madden Uasal: is cuntasóir cáilithe é, agus é ina iar-cheann ar bhaincéireacht ghnó i mBanc na hÉireann.
John Loughrey Uasal: is iar-Ard-Rúnaí é ar na Ranna Fuinnimh (1988 - 1992); Iompair, Fuinnimh & Cumarsáide (1993 - 1997) agus Fiontair Phoiblí (1997 - 2000) and is iarbhall é den Bhord Pinsean Náisiúnta agus den IDA.
| Users who read this document also viewed |
| 07 March 2013Report on Recommendations of Internal and External reviews of GG Debt Statistics |
| 07 March 2013Department of Finance Annual Review |
| 03 January 2013 END-DECEMBER 2012 EXCHEQUER RETURNS Good Exchequer Performance: Taxes Up; Spending on Target The Minister for Finance,... |
| 27 July 1998Freedom of Information |
| 04 May 2010Department of Finance Progress Report for 2009 and Output Statement for 2010 |