FÁILTÍONN Ó COMHAIN AGUS HANSON ROIMH SHEOLADH COMHAIRLIÚCHÁIN PEACE III
Táthar ag lorg tuairimí ó dhaoine i dTuaisceart Éireann agus i gContaetha na Teorann ó dheas conas ba chóir maoiniú úr de thimpeall €300 milliún ón AE a chaitheamh. Seo an méid a bheidh ar fáil thar na seacht mbliana seo chugainn faoi Chlár nua Eorpach PEACE III, an tríú ceann i sraith de thionscnaimh speisialta le maoiniú ón AE ar mhaithe le síocháin agus athmhuintearais chun tacú le próiseas na síochána.
Thar cheann an dá Rialtas déanfaidh Comhlacht Chláir Speisialta an AE (SEUPB) comhairliúchán poiblí a reachtáil thar thréimhse 12 seachtain dár críoch 3 Aibreán 2007. Iarrtar ar chách a bhfuil spéis acu sa chlár nua páirt a ghlacadh sa ghnó agus a dtuairimí a nochtadh.
Chuir David Hanson, Aire Airgeadais & Pearsanra Thuaisceart Éireann, fáilte roimh thionscnamh an chomhairliúcháin:
“Tá cumas ag PEACE III tógáil ar an éacht seo, go háirithe má bhíonn na príorachtaí agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis láneolach de thoradh comhairilúcháin phoiblí. Sin é an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh daoine a bhfuil tuairimí acu faoin gcaiteachas an deis seo a thapú chun na tuairimí sin a chur ar fáil”.
Dúirt Brian Ó Comhain,Aire Airgeadais na hÉireann, “Tá an t-ádh orainn go bhfuil an tríú Clár PEACE againn. Bhí sé ar intinn i gcónaí gur rud speisialta le teorainn ama leis a bheadh sa mhaoiniú PEACE ón AE. Ach toisc go dtuigeann ár gcomhpháirtithe Eorpacha gur rud fadálach ó nádúr an próiseas chun síocháin a thógáil, tig linn féachaint ar aghaidh le maoiniú PEACE go ceann seacht mbliana eile.
“Ní beag an éacht é sin nuair a chuirtear san áireamh gur tháinig 12 ballstát nua isteach san AE le trí bliana anuas, ar a n-áirítear an Bhulgáir agus an Rómáin an mhí seo, agus go bhfuil formhór na mballstát nua seo, ár ndála féin, i mbun athruithe suntasacha polaitíochta agus eacnamaíochta.
Spreag an bheirt Airí gach grúpa agus duine a bhfuil spéis acu sa Chlár nua a dtuairimí ar na tograí a chur ar fáil.
Tá lánsonraí maidir le páirteachas, agus na príomhthéacsanna comhairliúcháin, le fáil ar shuíomh gréasáin SEUPB: www.seupb.org.
Nótaí d’Eagarthóirí
1. Tá an AE tar éis aontú ar an Tríú Clár um Shíocháin agus Athmhuintearas a mhaoiniú: beidh luach timpeall ar €300 milliún ar an gClár seo—“PEACE III”—agus mairfidh sé thar an tréimhse 2007-13.
2. Is tacú speisialta é maoiniú seo PEACE ón AE, a bhfuil teorainn ama leis, chun cur le próiseas na síochána. Mhair an chéad Chlár PEACE—PEACE I—ó 1995 go dtí 1999. Bhí i gceist ar dtús go mairfeadh PEACE II ó 2000 go dtí 2004, ach sa bhliain 2004 d’áitigh an Príomh-Aire agus an Taoiseach ar an gCoimisiún síneadh dhá bhliain eile a chur leis. Aithníonn PEACE III go bhfuil gá le tuilleadh cúnaimh speisialta.
3. Fearacht an dá Chlár PEACE roimhe seo, cuideoidh PEACE III le tionscadail i dTuaisceart Éireann agus i gContaetha na Teorann sa Phoblacht. Faoi mar a rinneadh cheana, reachtálfaidh Comhlacht Chláir Speisialta an AE (SEUPB) an Clár.
4. Rachaidh SEUPB i mbun comhairliúcháin dhá sheachtain déag faoin gclár nua agus tá sé ag spreagadh grúpaí agus daoine aonair chun moltaí a dhéanamh i dtaobh ábhar agus riaradh an Chláir nua.
Críoch: 15ú Eanáir 2007
| Users who read this document also viewed |
| 07 March 2013Report on Recommendations of Internal and External reviews of GG Debt Statistics |
| 07 March 2013Department of Finance Annual Review |
| 03 January 2013 END-DECEMBER 2012 EXCHEQUER RETURNS Good Exchequer Performance: Taxes Up; Spending on Target The Minister for Finance,... |
| 27 July 1998Freedom of Information |
| 04 May 2010Department of Finance Progress Report for 2009 and Output Statement for 2010 |