An Mheitheal um Chostas Árachais
Tá an Mheitheal um Chostas Árachais, faoi chathaoirleacht an Aire Stáit Michael D’Arcy TD, ag tabhairt faoi athbhreithniú ar na fachtóirí a bhfuil tionchar acu ar an gcostas árachais, atá ag méadú.
Tugtar gach Roinn agus Oifig ábhartha a bhfuil baint acu leis an bpróiseas le chéile faoin Meitheal. An cuspóir atá aici bearta láithreacha agus bearta níos fadtéarmaí a shainaithint a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar chostais atá ag méadú, fad a chuimhnítear gur gá earnáil árachais cobhsaí a choimeád. Scrúdú ar an earnáil Árachais Ghluaisteáin an chéad chéim a rinneadh. Sa dara céim, déanfar scrúdú ar an earnáil Árachais Dhliteanais Fhostóra agus ar an earnáil Árachais Dhliteanais Phoiblí.
- Céim 1 An Tionscal Árachais Ghluaisteáin
- Céim 2 An earnáil Árachas Dhliteanais Fhostóra agus an earnáil Árachas Dhliteanais Phoiblí
Céim 1 Árachas Gluaisteáin
Foilsíodh Tuarascáil na Meithle um Chostas Árachais ar Chostas an Árachais Ghluaisteáin an 10 Eanáir 2017, i ndiaidh di a bheith ceadaithe ag an Rialtas.
Clúdaítear sé phríomhthéama sa Tuarascáil, mar seo a leanas:
- Cosaint don tomhaltóir
- An fháil ar shonraí a fheabhsú
- An timpeallacht éileamh díobhála pearsanta
- Na costais a laghdú sa phróiseas éileamh
- Calaois árachais agus tiomáint gan árachas a laghdú
- Sábháilteacht ar na bóithre a chur chun cinn agus timpistí a laghdú
Agus aghaidh á tabhairt ar na sé théama sin, déantar 33 mholadh sa Tuarascáil, chomh maith le 71 gníomh a bhaineann leo atá le cur i gcrích. Tá na moltaí agus na gníomhartha leagtha amach go mionsonrach i bplean gníomhaíochta sa tuarascáil agus tugtar amlínte comhaontaithe maidir lena gcur i bhfeidhm.
Áirítear ar na moltaí gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar:
- an easpa trédhearcachta sa réimse éileamh, trí bhíthin bunachar sonraí faisnéise náisiúnta éileamh a bheidh lonnaithe sa Bhanc Ceannais.
- tuiscint níos fearr ar an tslí a ríomhtar éilimh dhíobhála pearsanta, trí bhíthin Coimisiún Díobhálacha Pearsanta a bhunú;
- an méid tiomána gan árachas atá ag méadú, trí bhíthin bunachar sonraí lánfheidhmiúil a bhunú a thabharfaidh deis do na Gardaí comhlíonadh árachais a sheiceáil ach teicneolaíocht mar Uathaithint Uimhirphlátaí a úsáid; agus
- calaois amhrasta, trí bhíthin bunachar sonraí a bhunú a bheidh á mhaoiniú ag an tionscal ach a bheidh i seilbh comhlachta neamhspleách agus a chuirfidh imní faoi chosaint sonraí san áireamh.
Bunaíodh an Mheitheal i mí Iúil 2016 agus tugadh le chéile inti gach Roinn agus Oifig ábhartha. Bhí dhá chruinniú dhéag acu i bhfoirm iomlánach sular foilsíodh an Tuarascáil. Tá cruinnithe rialta aici fós in 2017 d’fhonn na moltaí a chur i bhfeidhm go hiomlán laistigh de na hamlínte comhaontaithe (agus d’fhonn tosú ar an dara céim dá cuid oibre).
Bunaíodh foghrúpaí chun féachaint ar shaincheisteanna faoi leith ar bhealach níos mionsonraithe, lena n-áirítear chun an margadh árachais ghluaisteáin a thuiscint, an gá le fáil níos fearr ar shonraí, costas éileamh agus saincheisteanna eile a bhaineann le beartas poiblí.
Ina theannta sin, thosaigh an Mheitheal ar phróiseas comhairliúcháin fairsing agus bhuail sí le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear Insurance Ireland, cuideachtaí árachais éagsúla, AA Ireland, Auto Records Limited, Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann, Freight Transport Association of Ireland, Irish Brokers Association, Irish Car Rental Council, Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann, Dlí-Chumann na hÉireann agus Tiománaí Tacsaí na hÉireann. Ina theannta sin, breithníodh aighneachtaí a fuarthas ó gach páirtí leasmhar mar chuid den phróiseas.
An Mheitheal um Chostas Árachais, 15 Feabhra 2017
- Tuairisc ar Chostas Árachais Ghluaisteáin– 10 Eanáir 2017
- Preasráiteas: Foilsiú na Tuairisce ar Chostas Árachais Ghluaisteáin– 10 Eanáir 2017
Tuairiscí Ráithiúla ar Dhul Chun Cinn na Meithle um Chostas Árachais
- An Mheitheal um Chostas Árachais – An Chéad Tuairisc Ráithiúil Chothrom le Dáta– 03 Bealtaine 2017
- An Mheitheal um Chostas Árachais – An Dara Tuairisc Ráithiúil Chothrom le Dáta– 21 Iúil 2017
Tuairiscí Ráithiúla Faisnéise na Meithle um Chostas Árachais faoi Árachas Gluaisteáin
- Preasráiteas faoin gCéad Tuairisc Príomhfhaisnéise faoi Árachas Gluaisteáin– 21 Iúil 2017
- an Chéad Tuairisc Príomhfhaisnéise faoi Árachas Gluaisteáin– 21 Iúil 2017
Céim 2 Árachas Dliteanais Fhostóra agus Árachas Dliteanais Phoiblí
Sa dara céim seo, tabharfaidh an mheitheal aghaidh ar an earnáil Árachas Dliteanais Fhostóra (EL) agus ar an earnáil Árachas Dliteanais Phoiblí (PL). Tá na téarmaí tagartha ábhartha comhaontaithe.
Moltar go dtabharfaí aghaidh ar na príomhréimsí seo a leanas:
- Forléargas ar na hearnálacha EL agus PL.
- Tionchar an chostais árachais ar iomaíochas earnálacha gnó faoi leith.
- Tionchar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta ar an gcostas árachais
- Saincheisteanna eile maidir leis an margadh
Ina theannta sin, cuirfidh an Mheitheal leis an obair a rinneadh cheana mar a bhaineann sí le héilimh PL agus EL chun scrúdú a dhéanamh ar:
- Sonraí agus faisnéis díobhála pearsanta
- An tionchar a bhíonn ag costais dlíthiúla agus próisis dlíthíochta ar chostais árachais
- Socruithe cúitimh maidir le héilimh reatha agus costas éileamh
- An tionchar a bhíonn ag gníomhaíocht neamhdhleathach ar an earnáil árachais
Samhlaítear go bhfoilseofar torthaí deiridh an dara chéim i bhfoirm aguisín leis an Tuairisc reatha.
Beidh an Mheitheal comhdhéanta go príomha d’ionadaithe ó na Ranna agus Oifigí céanna a bhí ann sa chéad chéim agus leanfaidh siad orthu ag bualadh le chéile ar bhonn rialta in 2017. Féadfar foghrúpaí a chruthú in am trátha chun breathnú ar shaincheisteanna sonracha ar bhealach níos mionsonraithe de réir mar is gá. D’fhéadfadh ionadaíocht ó chomhlachtaí ábhartha eile a bheith i gceist leis sin freisin, de réir mar is gá.
An Mheitheal um Chostas Árachais, 21 Iúil 2017
Déan Teagmháil Linn
Más mian leat do thuairimí, taithí, smaointe agus réitigh a roinnt leis an Meitheal, seol ríomhphost chuig insurance@finance.gov.ie agus cuir d’aighneacht leis.