Cur in aghaidh Sciúradh Airgid/Maoiniú Sceimhlitheoireachta

 

 

4AMLD (Treoir 2015/8/49)

Aontaíodh an 4ú Treoir in aghaidh Sciúradh Airgid 2015/8/49 (4AMLD) agus an Rialachán maidir le hAistriú Cistí (FTR) a ghabhann léi ar leibhéal an AE i rith na bliana 2015.  Rinne an Roinn Airgeadais ceannródaíocht maidir leis an idirbheartaíocht i gcomhar le ranna, gníomhaireachtaí agus geallsealbhóirí áirithe eile. Mar gheall ar shraith ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip i rith na bliana 2016 agus ábhar a nochtadh i measc pháipéir Phanama, mhol Coimisiún an AE roinnt leasuithe ar 4AMLD i mí Iúil 2016 agus tá na leasuithe beartaithe sin á bplé faoi láthair i dTríológa.  Ón uair a thugtar an obair chun críche, déanfaidh 4AMLD, maille leis na leasuithe a aontaítear i rith na bliana 2017, athleasú ar chreat 3AMLD /FTR mar atá i bhfeidhm faoi láthair agus tiocfaidh sé ina ionad ionas gur fearr a thagann dlí an AE leis na caighdeáin leasaithe idirnáisiúnta de chuid FATF maidir le AML/CFT.

Úinéireacht thairbhiúil:

Ón 15 Samhain 2016 ar aghaidh, ní mór do gach cuideachta agus eintiteas dlíthiúil (lena n-áirítear Cumann Tionscail agus Coigiltis) gach beart réasúnach a dhéanamh eolas leordhóthanach, cruinn, reatha a bheith acu faoina n-úinéireacht thairbhiúil agus an t-eolas sin a choinneáil ar chlár úinéireachta tairbhiúla na cuideachta féin. 

Tagann sin i gceist mar gheall ar thrasuí Airteagal 30 (1) den 4AMLD le hIonstraim Reachtúil dar teideal ‘Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Frithsciúradh Airgid: Úinéireacht Thairbhiúil Eintiteas Corparáideach) 2016’ (I.R. Uimh. 560/2016).

Níl aon chur isteach ar Airteagal 30(1) den 4AMLD i gceist le leasuithe beartaithe mhí Iúil 2016 agus rinneadh dá bhrí sin a thrasuí le I.R. 560/2016.

Nóta Eolais maidir le hÚinéirí Tairbhiúla  

 

Treoirlínte AML

Tá de rún leis na treoirlínte AML go mbeidís ina dtreoir ag daoine ainmnithe [1] maidir le Cuid 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010 a chur i bhfeidhm.  Leagtar amach san Acht sin a bhfuil de dhualgas ar dhaoine ainmnithe i ndáil le haitheantas custaiméara, deimhniú agus monatóireacht ar an gcustaiméir agus treisiú le CDD, tuairiscíocht ar idirbhearta amhrasacha etc. Rinneadh na treoirlínte AML a dhréachtadh i gcomhar le hearnálacha éagsúla de thionscal na seirbhísí airgeadais.

Tá i gceist go mbeadh na treoirlínte ina dtreoir ag daoine ainmnithe maidir le forálacha áirithe den Acht a chur i bhfeidhm.  Ní reachtaíocht thánaisteach atá sna treoirlínte agus ní foláir do na daoine ainmnithe i gcónaí tagairt a dhéanamh go díreach don Acht agus a leagtar de dhualgas orthu faoin reachtaíocht á chinntiú acu.  Tugtar tús áite don Acht seachas do na treoirlínte.

Is féidir na treoirlínte a cheadú anseo

 

Measúnú Náisiúnta Riosca (NRA)

Tá an chéad Mheasúnú Náisiúnta Riosca maidir le Cur in aghaidh Sciúradh Airgid agus Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta (NRA) déanta maidir le cás na hÉireann, d’fhonn measúnacht ghinearálta a bheith ar fáil maidir le rioscaí ML/TF in Éirinn, tuiscint níos fearr a bheith ar an ábhar baoil agus straitéisí éifeachtúla a thabhairt chun cinn chun cur ina gcoinne.

Beidh leas as torthaí na measúnachta náisiúnta ar an ábhar baoil ina chabhair maidir le polasaithe a cheapadh, bearta oibriúcháin a leagan amach agus acmhainní a chur i leith na réimsí is géire baol.  Léargas ar na réimsí baoil is mó ar ceart béim a leagan orthu atá i gceist agus is cáipéis athraitheach atá i gceist a thiocfaidh faoi leasú go tráthrialta.

Is féidir an cháipéis a fháil anseo

 

An Coiste Stiúrtha in aghaidh Sciúradh Airgid

An Roinn Airgeadais a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste Stiúrtha in aghaidh Sciúradh Airgid a cuireadh ar bun sa bhliain 2003 chun maoirseacht a dhéanamh ar nótaí treorach a thabhairt chun cinn lena réiteofaí an bealach do chur i bhfeidhm éifeachtúil ar na forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta sna hAchtanna um Cheartas Coiriúil, sna Treoracha ón AE maidir le Sciúradh Airgid agus sna moltaí ón FATF.  Tá ionadaithe ar an gCoiste ón Roinn Dlí agus Cirt, ón nGarda Síochána, ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ón mBanc Ceannais.

 

Rinneadh na Téarmaí Tagartha a leasú sa bhliain 2013 d’fhonn obair an Choiste a dhíriú ar an gcaidreamh idir na gníomhaireachtaí éagsúla Stáit agus ar oibriú i ndáil le measúnacht an FATF ar Éirinn.

 

Fóram Comhairliúcháin na hEarnála Príobháidí (PSCF)

Cuireann Fóram Comhairliúcháin na hEarnála Príobháidí (PSCF) lón eolais agus cúnamh ar fáil maidir le polasaithe AML/CFT in Éirinn.  Is córas an Fóram trínar féidir le geallsealbhóirí san earnáil phríobháideach agus daoine ainmnithe caidreamh rialta a chothú leis na gníomhaireachtaí poiblí maidir le ceisteanna AML/CFT de gach cineál.

Déanann comhaltaí an fhóraim cathaoirleacht ar feadh sé mhí ar a seal ar an PSCF. Le hearnáil na seirbhísí dlí a bhaineann an Cathaoirleach faoi láthair; le hearnáil na baincéireachta agus na gcistí a bhain na Cathaoirligh roimhe seo.

 

Údaráis Inniúla maidir le AML

Leagtar síos faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010 údaráis inniúla a dhéanann monatóireacht ar dhaoine ainmnithe agus a thugann go gcomhlíontar coinníollacha an Achta:

 

Tá breis eolais ar fáil ar:

 

Image of Central Bank of Ireland logo

 

Image of Dept. of Justice & Equality Anti-Money Laundering Compliance Unit logo

 

 

 

An Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF)

Eagraíocht neamhspleách idir-rialtais atá sa Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) (maidir le sciúradh airgid). Tá 36 ballstát i gceist leis an Tascfhórsa.  Leagtar de chúram air polasaithe a thabhairt chun cinn chun cur in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú sceimhlitheoireachta.  Ar cheann de na príomhchúraimí, déantar Moltaí a fhoilsiú agus a leasú trína leagtar síos an caighdeán idirnáisiúnta maidir le bearta in aghaidh sciúradh airgid chun dul i ngleic le maoiniú sceimhlitheoireachta.  Leagtar amach sna forálacha sin na prionsabail maidir le modhanna oibre agus gníomhartha a dhéanfaidh na ballstáit.  Fágtar, ina dhiaidh sin féin, scóip áirithe ag na tíortha éagsúla maidir leis an gcur i bhfeidhm ó tharla nach mar a chéile i gcónaí na bearta tús áite ag na tíortha éagsúla ná an creatchóras bunreachta.

Déanann FATF monatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanann tíortha maidir le bearta AML agus CFT a thabhairt i bhfeidhm.  Ar cheann de na modhanna monatóireachta tá Tuarascáil Meastóireachta Fhrithpháirteach (MER). Tar éis MER FATF na bliana 2006, cuireadh an gnáthphróiseas iar-iniúchta ar bun maidir le hÉirinn mar gheall ar easnamh áirithe a thabhairt chun suntais i gcóras AML/CFT na tíre seo. I mí an Mheithimh 2013, thug an FATF suntas don dul chun cinn atá déanta ag Éirinn maidir leis an gcóras AML/CTF agus níl próiseas iar-iniúchta rialta FATF i gceist leis an tír ó shin.  Tá tuarascálacha na bliana 2006 agus na bliana 2013 ar fáil anseo. Leanann Éire den chaidreamh leis an FATF mar chuid de phróiseas MER.

Is í an Roinn Airgeadais a dhéanann ceannródaíocht maidir le toscaireacht na gcomhlachtaí éagsúla Stáit ag cruinnithe FATF.

Image of FATF logo

An Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais maidir le Tíortha Ardriosca.

Eisíodh ráitis phoiblí faoi dhlínsí ardriosca agus neamh-chomhoibrithe ag cruinnithe de chuid an FATF le tamall anuas:

27 Meitheamh 2017

24 Feabhra 2017

21 Deireadh Fómhair 2016

21 Iúil 2016

 

Smachtbhannaí

Is minic smachtbhannaí nó bearta srianta (úsáidtear an dá théarma) curtha i bhfeidhm ag an AE le tamall de bhlianta anuas, ar bhonn neamhspleách ag an AE féin nó trí Rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm.  Beart de chineál na taidhleoireachta nó de chuid na heacnamaíochta atá sna smachtbhannaí a mbíonn de chuspóir leo athrú a thabhairt i gcrích ar ghníomhartha nó ar pholasaithe áirithe, mar shampla sárú an dlí idirnáisiúnta nó cheart an duine, nó polasaithe nach bhfuil de réir an smacht reachta nó phrionsabail an daonlathais.

D’fhéadfadh bearta srianta a chuireann an AE i bhfeidhm a bheith dírithe ar rialtas an tríú tír nó ar eintitis neamhstáit nó ar dhaoine (mar shampla dreamanna sceimhlitheoireachta nó sceimhlitheoirí). D’fhéadfadh gur trádbhac arm, srianadh sonrach nó ginearálta de shaghas eile ar thrádáil (toirmeasc allmhairíochta agus onnmhairíochta), srianta airgeadais, srianta gluaiseachta (toirmeasc víosa nó taistil) a bheadh i gceist nó bearta eile de réir mar is cuí.

Bac ar aistriú cistí is mó a bhíonn i gceist le srianta airgeadais.  Ag teacht le dlí an AE, cloíonn Éire leis an liosta de dhaoine agus d’eintitis pionósaithe de réir mar a leagann an AE amach.

Tugtar léargas níos mine maidir le smachtbhannaí an AE ar láithreán gréasáin an AE (an beartas eachtrach) anseo

 

Údaráis Inniúla maidir le Smachtbhannaí

In Éirinn, is iad na húdaráis inniúla maidir leis na smachtbhannaí seo agus na pionóis a ghabhann leo:

  • An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála,
  • An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, agus;
  • Banc Ceannais na hÉireann.

Déanann an t-aonad ionstraimí reachtúla a thabhairt i bhfeidhm ionas go ndéantar foráil do phianbhreith coiriúil maidir le sárú ar smachtbhannaí a leagtar amach i rialacháin éagsúla an AE. Is ar an mBanc Ceannais, ina údarás inniúil dó, a leagtar an cúram maidir le smachtbhannaí airgeadais, atá dírithe ar shrian a chur le gluaiseacht íocaíochtaí agus caipitil, a riar  agus a chur i bhfeidhm.

http://www.centralbank.ie/regulation/processes/anti-money-laundering/Pages/default.aspx

Moltar go ndéanfadh daoine ainmnithe Liostaí Comhdhlúite Smachtbhannaí an AE agus na Náisiún Aontaithe a cheadú ar an gcéad dul síos ionas go gcinntítear na fógraí is deireanaí a thabhairt chun aire faoi dhaoine a bhfuil smachtbhannaí i bhfeidhm ina leith.

Nasc le liostaí Choistí Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe:

http://www.un.org/sc/committees/consolidated_list.shtml.

Nasc le liosta Smachtbhannaí an AE:

http://eeas.europa.eu/cfsp/sanctions/consol-list/index_en.htm

 

[1]Ciallaíonn “duine ainmnithe” de réir mar a thugtar sainmhíniú air in Alt  25(1) san Acht um Cheartas Coiriúil agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta 2010 (arna leasú) aon duine, ag gníomhú́ sa Stát i gcúrsa gnó́ arna sheoladh ag an duine sa Stát, is—

 

  1. foras creidmheasa, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (4); b) foras airgeadais, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (4); c) iniúchóir, cuntasóir seachtrach nó comhairleoir cánach; d) gairmí dlí neamhspleách iomchuí; e) soláthraí seirbhíse iontaobhais nó cuideachta; f) soláthraí seirbhíse maoine; g) a casaíne; h) duine arb é nó í dáiríre a stiúrann club comhaltaí príobháideacha ina seoltar gníomhaíochtaí cearrbhachais, ach sin i leith na ngníomhaíochtaí cearrbhachais sin amháin; i) aon duine atá ag trádáil in earraí, ach sin i leith idirbheart lena mbaineann íocaíochtaí leis an duine in airgead de mhéid iomlán de €15,000 ar a laghad (cibé acu in idirbheart amháin nó i sraith idirbheart atá, nó a dhealraíonn a bheith, nasctha le chéile); nó j) aon duine eile d’aicme fhorordaithe.