Buiséad an Aontais Eorpaigh

Réamhrá

Déanann Airteagal 311 den Chonradh foráil do bhuiséad Aontaigh Eorpaigh chun na gníomhaíochtaí éagsúla atá mar bhonn taca dá bheartais a mhaoiniú. Áirítear orthu sin talmhaíocht (Comhbheartas Talmhaíochta), iascaigh, maoiniú struchtúrtha & comhtháthaithe, taighde, oideachas, bonneagar, iomaíocht do FBManna, gníomhartha seachtracha an AE, saoránacht agus gníomhartha slándála agus raon eile gníomhaíochtaí  Ina theannta sin, clúdaíonn buiséad an AE na costais riaracháin a bhaineann le hinstitiúidí an AE a reáchtáil.

Próiseas Buiséid

Faoi Airteagal 312 den Chonradh, leagtar amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) na huasmhéideanna bliantúla maidir le caiteachas an AE ina iomláine agus maidir leis na príomhchatagóirí caiteachais (ceannteidil) ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

Glactar le buiséad an AE ansin ar bhonn bliantúil laistigh de na teorainneacha caiteachais uileghabhálacha arna leagan amach ag an CAI. Faoi Airteagal 314 de Chonradh Liospóin, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chomhdhéanann an tÚdarás Buiséadach, a bhfuil de chumhacht aige buiséad bliantúil an Aontais a leasú agus glacadh leis.

Ioncam Buiséadach

Faoi Airteagal 311 den Chonradh, ranníocaí acmhainní dílse ó gach ballstát a mhaoiníonn caiteachas an AE. Tá siad sin comhdhéanta de:-

  • ‘acmhainní dílse traidisiúnta’ – dleachtanna custam a bhailítear thar ceann an AE, go príomha. Déantar 75 faoin gcéad den mhéid a bhailítear a íoc leis an AE. Coinníonn an ballstát an fuílleach chun costais bhailithe agus riaracháin a íoc.
  • íocaíocht a bhaineann le CBL;
  • íocaíocht bunaithe ar chéatadán Ollioncam Náisiúnta (OI) gach ballstáit.

Leasanna Airgeadais an AE a Bhainistiú agus a Chosaint

Faoi Airteagal 325 de chonradh an AE, sanntar freagracht as dul i ngleic le calaois a bhfuil éifeacht aici ar leasanna airgeadais an AE ar an Aontas agus ar bhallstáit araon.  Mar sin féin, arna tabhairt gur ballstáit a bhainistíonn thart ar 80 faoin gcéad de chaiteachas an AE agus gurb iad a bhailíonn ioncam buiséadach an AE, is orthu atá an phríomh-fhreagracht as dul i ngleic le calaois.

Mar chosaint bhreise, tá freagracht ar Choimisiún an AE as monatóireacht a dhéanamh ar na cleachtais agus nósanna imeachta náisiúnta riaracháin atá i bhfeidhm chun calaois a chomhrac lena chinntiú go bhfuil siad éifeachtach agus go gcloíonn siad le rialacha an AE.

Creat Airgeadais Ilbhliantúil  2014 – 2020

Glacadh go foirmiúil leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua 2014 – 2020 i Samhain 2013 agus tá líon iomlán €960 billiún ann (i bpraghsanna 2011). Is ionann sin agus laghdú 3.5 faoin gcéad ón tréimhse bhuiséadach roimhe, rud a léiríonn an timpeallacht reatha de chomhdhlúthú airgeadais phoiblí ar feadh na mballstát.  Scaiptear an buiséad seo thar seacht réimse leathan beartais mar a leagtar amach sa tábla thíos.

Creat Airgeadais Ilbhliantúil  2014 – 2020

 

  1. Fás Cliste agus Cuimsitheach                                                                                   451

    1a. Iomaíochas le haghaidh Fáis agus Post                                                                     126

    1b. Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach                                                  325

  1. Fás inbhuanaithe: Acmhainní Nádúrtha                                                                     373

       as sin: caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha                       278

  1. Slándáil agus Saoránacht                                                                                         15.5
  2. Eoraip Dhomhanda                                                                                                  59
  3. Riarachán                                                                                                               61.5

      Iomlán                                                                                                                    €960 bn

Éire agus Buiséad an AE

Tá Éire ina glantairbhí i leith Bhuiséad an AE ó chuaigh sí isteach san aontas i 1973. Foilsítear mionsonraí faoinár bhfáltais earnála poiblí agus faoinár ranníocaíochtaí gach bliain sa Bhuiséad agus staitisticí Eacnamaíocha. Mar sin féin, ní áirítear fáltais thaighde ar na staitisticí sin, mar go ndéantar na híocaíochtaí sin díreach chuig an tairbhí. Tuairim is €110m a bhí sna fáltais thaighde in 2013. I dtéarmaí iomlána, d’fhan Éire ina glanfhaighteoir ó Bhuiséad an AE in 2013 agus fuair os cionn  €57 milliún níos mó ná na ranníocaíochtaí.

Is tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) a tháinig an chuid is mó den mhaoiniú d’Éirinn agus caitear é ar réimsí mar ioncam díreach agus tacaíocht ón margadh don earnáil talmhaíochta.  Faightear airgead eile le haghaidh clár forbartha tuaithe.  In 2013 b’ionann na réimsí sin agus tuairim is 90 faoin gcéad dár bhfáltais earnála poiblí AE iomlána.

An chéad réimse is mó eile ná fáltais faoi na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe, a ndearnadh a infheistiú i gcaipiteal daonna agus i mbonneagar fisiciúil go príomha.  Áiríodh ar na fáltais sin le blianta anuas infheistíocht shuntasach inár mbonneagar iompair, oideachais agus uisce, chomh maith le hoiliúint oideachasúil agus tacaíochtaí eile a n-úsáidtear chun ár bhfórsa saothair a uas-sciliú. 

Maidir leis an gclár nua 2014-2020, is tríd an CBT go príomha a thiocfaidh formhór an mhaoinithe d’Éirinn.  Féadfaidh Éire a bheith ag súil le fáltais shuntasacha fós faoi chaiteachas chistí struchtúracha. Maidir leis an gclár 2014 – 2020, áireofar ar chaiteachas chistí struchtúracha béim ar réimsí mar thaighde, teicneolaíocht agus nuáil a thacaíonn le SMEanna, TFC, éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta oideachais, oiliúna agus gníomhachtaithe saothair.

Tiocfaidh deiseanna eile maoinithe chun cinn faoi na cláir ag leibhéal AE Horizon 2020, Erasmus, Cónascadh na hEorpa agus Cosme, a chuimsíonn taighde, oideachas, líonraí bonneagair agus iomaíochas SME, chomh maith le líon beag clár eile atá níos lú.


Aníos go Barr