An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais (FSG)



Is fóram atá sa Ghrúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais (FSG) ag oifigigh sinsearacha sa Roinn Airgeadais (an tArd-Rúnaí, an Dara Rúnaí), sa Bhanc Ceannais (an Gobharnóir, an Leas-Ghobharnóir) agus i nGníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Príomh-Fheidhmeannach, an Stiúrthóir maidir le Cistíocht agus Bainistíocht Fiachais) chun ceisteanna maidir le cobhsaíocht airgeadais a phlé.
Tháinig an FSG i gcomharbacht ar Ghrúpa na bPríomhoifigeach agus leagtar béim níos mó ar réamh-mheasúnacht roimh ré maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais. Tá an bhéim sin ag teacht le moltaí an Fhiosrúcháin faoi chúrsaí Baincéireachta agus le measúnacht an IMF sa bhliain 2016 ar earnáil ghnóthaí airgeadais na hÉireann.
Tagann ról agus cúraimí an FSG leis an gcuspóir ghinearálta bonn treise a chur faoi na socruithe is fearr don chobhsaíocht airgeadais trínar féidir:
- plé oscailte a dhéanamh, bunaithe ar mhalartú éifeachtúil eolais, agus comhordú a dhéanamh maidir le polasaithe i ndáil leis an earnáil airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ina gcur isteach ar an gcobhsaíocht airgeadais.
- measúnacht a dhéanamh ar ábhar baoil agus pleananna teagmhais cuí a chur ar bun.
Is iondúil go mbíonn cruinniú in aghaidh na míosa ag an FSG. Déanfar cuntas ar an gcruinniú a fhoilsiú trí mhí i ndiaidh a thionól.
Is féidir leis an FSG a shocrú go bhfágfar faisnéis ar lár ón taifead poiblí a bheadh faoi rún ó taobh cúrsaí dlí nó cúrsaí tráchtála, sa chás go bhfuil faisnéis maoirseachta san áireamh nó sa chás gurb é leas an phobail an fhaisnéis a fhágáil ar lár.
- An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais Cruinniú Uimh. 5 – 15 Bealtaine 2017
- An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais Cruinniú Uimh. 4 – 3 Aibreán 2017
- An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais Cruinniú Uimh. 3 – 6 Márta 2017
- An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais Cruinniú Uimh. 2 – 6 Feabhra 2017
- An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais Cruinniú Uimh. 1 – 16 Eanáir 2017
- Tuairisc ar Chruinniú Ghrúpa na bPríomhoifigeach, 5 Nollaig 2016
- Tuairisc ar Chruinniú Ghrúpa na bPríomhoifigeach, 14 Samhain 2016
- Tuairisc ar Chruinniú Ghrúpa na bPríomhoifigeach, 3 Deireadh Fómhair 2016
- Tuairisc ar Chruinniú Ghrúpa na bPríomhoifigeach, 5 Meán Fómhair 2016
An Grúpa maidir le Cobhsaíocht Airgeadais (FSG) Téarmaí Tagartha